← "Dá mairfeadh Oscar, chuirfeadh sé d'urchar í thar mhullach bhur gcinn." 🔊✎
← Luigh sé anonn ar a chliathán deas agus rug ar an leac ina lámh. 🔊✎
← Le neart agus le lúth a ghéag chuir sé seach bpéirse as a háit í. Bhris giorta an eich bháin le meáchan an urchair, agus sular mhothaigh an gaiscíoch bhí sé ina sheasamh ar a dhá bhonn ar thalamh na hÉireann. 🔊
← Ansin shuigh Oisín i bhfianaise Phádraig agus na cléire gur inis sé a scéal ar Thír na nÓg agus ar Niamh Chinn Óir a mheall ón Fhiann é. Maidin cheo i ndiaidh Chath Ghabhra bhí fuílleach áir na Féinne ag seilg fá Loch Léin. 🔊
← Shil na deora frasa anuas le grua Oisín agus phóg sé a athair go caoin. 🔊✎
← Rinne sé trí seitreacha ar an tráigh agus thug a aghaidh siar díreach ar an fharraige le hOisín is le Niamh. 🔊✎
← Chuir Oisín comhrac thrí oíche is thrí lá ar Fhómhar Builleach, gur bhain sé an ceann de agus gur lig saor iníon Rí na mBeo. 🔊✎
← D'iarr sé an t-each bán ó Niamh go dtugadh sé cuairt ar Éirinn. 🔊✎
← Chuaigh sé ar mhuin an eich bháin agus thug a chúl go dubhach le Tír na nÓg. 🔊✎
← Nuair a tháinig sé i dtír in Éirinn bhuail eagla é nach raibh Fionn beo. 🔊✎
← Casadh marcshlua air a chur iontas ina mhéid agus ina ghnaoi, agus nuair a chuir sé ceist orthu an raibh Fionn beo nó arm hair aon duine eile den Fhiann dúirt siad go raibh seanchas orthu ag luch scéalaíochta. 🔊
← Bhuail tuirse agus cumha Oisín agus thug sé a aghaidh ar Almhain Laighean. 🔊✎
← Ní fhaca sé teach Fhinn in Almhain. 🔊✎
← Thoiligh Oisín dul leis mar gur shantaigh sé gach cearn agus gach baile ina mbíodh na Fianna a shiúl arís agus mar nach raibh lúth a choirp ná amharc a shúl aige le himeacht in aon áit leis féin, ná aon duine dá lucht aitheantais le fáil. 🔊✎
← Ansin tháinig a bproinn agus d'fhiafraigh Pádraig d'Oisín an rachadh sé chun an phroinntí mar aon le cách. 🔊✎